Is í an Rúnaíocht a phléifidh le hiarratais ar ar Shaoráil Faisnéise a chuirfear chuig an Oifig
Tá an tOmbudsman i seilbh oifigí an Choimisinéara Faisnéise agus an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta araon. Cé go roinntear seirbhísí nó áiseanna áirithe ‘sa bhaile’ idir an dá oifig, tá foireann ar leith ag gach oifig atá ainmnithe chun a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích ar bhealach neamhspleách.
Ní féidir taifid atá i seilbh aon duine seachas Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta a lorg tríd an láithreán gréasáin seo. Más mian leat rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachta phoiblí, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gcomhlacht sin. Mar shampla, más mian leat taifid faoi do chúrsaí cánach, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus más mian leat taifid faoi ábhar polasaí sa Roinn Oideachais, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an Roinn sin.
Is féidir teacht ar an Acht um Shaoráil Faisnéise (Acht SF 2014) ag: Law Reform
Tá Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta eisiata go páirteach ón Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Ciallaíonn sin nach bhfuil taifid na hOifige, seachas na taifid sin a bhaineann le riarachán ginearálta, clúdaithe ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Clúdaítear taifid faoi riarachán ginearálta na hOifige leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Scríobh chugainn ag rá go bhfuil tú ag déanamh iarrata faoin Acht SF 2014. Ba chóir duit d'iarraidh a sheoladh chuig:
an Oifigeach SF,
Oifig Choimisinéir na Nochtuithe,
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773,
nó le info@opdc.ie.
Má tá taifead á lorg agat, ba chóir duit an oiread eolais agus is féidir a chur ar fáil chun gur féidir linn é a aimsiú. Más mian leat é a fháil i bhformáid ar leith (e.g. fótachóip, tras-scríbhinn, diosca ríomhaire; nó más mian leat é a scrúdú) ba cheart duit é sin a lua go soiléir i d’iarratas. Má tá leasú ar thaifead á lorg agat, ba cheart an taifead lena mbaineann agus an leasú atá ag teastáil a shainaithint d’iarratas. Ba cheart duit fianaise a chur ar fáil freisin go bhfuil an leasú riachtanach.
Deirtear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 gur chóir don chomhlacht poiblí (Saoráil Faisnéise) cabhrú le duine atá ag lorg taifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Luaitear ann gur cheart cabhair a chur ar fáil i gcás ina bhfuil an t-iarrthóir faoi mhíchumas. Féadfaidh an Oifig seo teagmháil a dhéanamh leat chun d’iarratas a shoiléiriú leat.
I gcúinsí faoi leith gearrtar táillí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Níl aon táille i gceist chun iarratas tosaigh FOI a dhéanamh; is é an táille ar athbhreithniú inmheánach ná EUR 30, nó EUR 10 do shealbhóir cárta leighis. Má tá táille iníoctha maidir le hathbhreithniú inmheánach leis an Oifig seo, féadfaidh tú íoc le seic, le dréacht bainc nó le hordú poist.
Nuair a fhaigheann an Oifig seo iarratas, is féidir léi tréimhse atá chomh fada le ceithre seachtaine a ghlacadh sula ndéanfaidh sí cinneadh. Eiseofar an cinneadh chugat i scríbhinn agus sonrófar inti go bhfuiltear ag glacadh le d’iarratas, nó go bhfuiltear ag leathghlacadh leis, nó go bhfuiltear ag diúltú dó. Tabharfar inti an t-údar/na húdair leis an gcinneadh freisin.
Mura bhfuil tú sásta leis an mbreith nó mura bhfuil cinneadh faighte agat tar éis na gceithre seachtaine (tugtar diúltú do d’iarraidh FOI gan freagra a thabhairt) is é do chéad chéim eile iarratas a dhéanamh ar ‘athbhreithniú inmheánach’.
Is éard is ‘athbhreithniú inmheánach’ ann ná meicníocht achomhairc laistigh den Oifig seo a dhéanfaidh oifigeach atá níos sinsearaí ná an duine a rinne an cinneadh ar d’iarratas bunaidh. Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, ní mór duit scríobh chuig an Oifig seo ag tagairt don chinneadh a fuarthas (má rinneadh ceann) agus a rá go bhfuil achomharc athbhreithnithe inmheánaigh á dhéanamh agat. Ní féidir leat aon saincheisteanna eile a ardú i d’achomharc ar athbhreithniú inmheánach. Is é an t-aon chuspóir atá leis an athbhreithniú ná go ndéanfadh oifigeach eile athmhachnamh ar an gcinneadh ar d’iarratas bunaidh amháin. Tá trí seachtaine ag an Oifig seo chun cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach.
Má tá tú míshásta le cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú laistigh de shé mhí chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Féadfaidh tú athbhreithniú a lorg freisin ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise mura bhfuil freagra faighte agat ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de 3 seachtaine.
Le tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise www.oic.ie.
Ceanglaítear in Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF), 2014 ar chomhlachtaí poiblí faisnéis a chur ar fáil faoina struchtúir, faoina bhfeidhmeanna, faoina gcumhachtaí agus faoi na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal chomh maith le sonraí faoi na cineálacha taifead atá ina seilbh acu agus faoi na nósanna imeachta agus na cleachtais a fheidhmíonn siad. Tugtar Scéim na bhFoilseachán air seo. Is é cuspóir na Scéime ná faisnéis faoi chomhlachtaí poiblí a fhoilsiú lasmuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise chun níos mó oscailteachta, trédhearcachta agus cuntasachta a chothú.
Tá an Scéim Foilsitheoireachta d’Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta leagtha amach thíos.
Coinnítear an t-eolas thíos cothrom le dáta agus, más gá, cuirfear cóip chrua ar fáil lena bhreathnú trí choinne.
Is é príomhfheidhm Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta a chinntiú go bhfaigheann do thuairisc ar éagóir chuig an ‘duine forordaithe’ is cuí, mar atá leagtha amach faoin Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta (an Oifig) faoin Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú).
Tá an Oifig faoi stiúir an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta (an Coimisinéir) agus is comhlacht poiblí í féin chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise. Dá réir sin, is féidir rochtain a fháil ar a thaifid, faoi réir eisceachtaí áirithe, trí iarraidh ASF.
Is iad ról agus freagrachtaí na hOifige na ceanglais a leagtar síos faoin Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) a chomhlíonadh. Is é príomhról na hOifige a chinntiú go seoltar do thuairisc ar éagóir go díreach chuig an eagraíocht is oiriúnaí.
Maidir le freagrachtaí um Shaoráil Faisnéise (ASF), is comhlacht atá eisiata go páirteach í an Oifig chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise) (mar a fhoráiltear i Sceideal 1, alt 6, Cuid 1 den Acht sin).
Ciallaíonn sé sin nach gceanglaítear le dlí taifid atá i seilbh na hOifige agus a bhaineann le hachomhairc shonracha (seachas taifid a bhaineann le riarachán ginearálta fheidhmeanna na hOifige) a chur ar fáil don phobal.
Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna an Choimisinéara:
Tagann raon na dtaifead atá i seilbh na hOifige faoi na catagóirí leathana seo a leanas (d’fhéadfadh forluí a bheith ann)
Tá an Oifig seo tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a thacaíonn le feidhmiú rathúil dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Tá sonraí faoi shocruithe rialachais na hOifige le fáil ina doiciméad Chreat Rialachais Chorparáidigh, ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis trína bhfuil an Oifig á stiúradh agus á rialú.
Rannchuidíonn an Oifig le Ráiteas Straitéise níos leithne Oifig an Ombudsman (ar a bhfuil an Oifig lonnaithe) agus tá sí á treorú aici.
Tuarascáil Bhliantúil
Tá Tuarascálacha Bliantúla na hOifige ar fáil ar an suíomh gréasáin ag Tuarascálacha Bliantúla.
Struchtúr Eagrúcháin
Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Corparáideacha & Seachtracha
Coimisinéir: |
Ger Deering |
Ard-Stiúrthóir: |
Elaine Cassidy |
Imscrúdaitheoirí Sinsearacha: |
Sean Garvey (Príomhoifigeach) |
Imscrúdaitheoirí: |
1 Príomhoifigeach Cúnta |
Oifigigh Imscrúdaithe: |
2 Oifigeach Feidhmiúcháin |
Feidhmíonn an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta freisin mar Ombudsman, mar Choimisinéir Faisnéise agus mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Is ball ex officio den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO), an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, an Coimisiún Reifrinn agus an Coimisiún um Thoghlaigh é an Coimisinéir. Tá a thuarastal coibhéiseach le tuarastal Ard-Rúnaí III de chuid na Státseirbhíse.
Ar an gcaoi chéanna, feidhmíonn an tArd-Stiúrthóir mar Ard-Stiúrthóir Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta, Oifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil. Is é tuarastal Rúnaí Cúnta sa Státseirbhís an tuarastal.
Is féidir teacht ar scálaí tuarastail státseirbhísigh sa chiorclán atá ar fáil ag an nasc seo a leanas:
Tuarastail ón Ard-Rúnaí chuig Oifigeach Cléireachais
Tá an Oifig suite ag 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Uaireanta Oscailte: idir 9.15 agus 5.00 Dé Luain go Dé hAoine.
Is féidir treoracha chuig an Oifig a fháil anseo: Déan teagmháil linn
Post: Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
Guthán: 01 639 5689
Ríomhphost info@opdc.ie
Fiosrúcháin ó na Meáin
Déan teamgháil le David Nutley, Cumarsáid, Oifig an Ombudsman
Guthán: 01 639 5610 nó 086 023 1420
Ríomhphost david.nutley@ombudsman.ie
Is státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit iad foireann na hOifige agus dá bhrí sin tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse.
Is féidir tuairiscí ar éagóir a sheoladh go díreach chuig ár nOifig chuig ár seoladh poist, nó trí ríomhphost chuig disclosures@opdc.ie. Is féidir leat ár bhfoirm in-íoslódáilte a úsáid chun cabhrú leat.
Más mian leat tuairisc a dhéanamh ó bhéal, is féidir leat é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ár n-uimhir theileafóin shainiúil — 01 639 5650
Ní bhíonn comhráite gutháin á dtaifeadadh ag an Oifig seo.
Cuireann an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta seirbhís saor in aisce ar fáil.
An chaoi a ndéanaimid cinntí
Ní chuireann an Oifig beartas poiblí ar fáil. Tugann an Coimisinéir tuairimí ó am go chéile, áfach, maidir le tograí beartais ábhartha.
Le vóta 19 (Oifig an Ombudsman) maoinítear gníomhaíochtaí eagraíochta a chuimsíonn Oifig an Ombudsman agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (Clár A); An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, lena n-áirítear an fheidhm Brústocaireachta a Rialáil (Clár B); agus Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (Clár C).
Comhlíonann na hoifigí seo feidhmeanna reachtúla ar leithligh agus ar leithligh: mar sin féin, feidhmíonn siad mar ghníomhaireacht chónasctha amháin faoi Vóta amháin agus mar Oifigeach Cuntasaíochta agus bord bainistíochta corparáideach amháin a bhainistíonn an eagraíocht agus ag an am céanna a chosnaíonn agus a chaomhnaíonn neamhspleáchas agus feidhmeanna reachtúla gach ceann de na comhchodanna. Tá a líon foirne féin ag gach oifig ach roinntear na feidhmeanna airgeadais, acmhainní daonna, cóiríochta agus teicneolaíochta faisnéise idir na hoifigí go léir.
Ag deireadh gach bliana airgeadais, ní mór do gach roinn cuntas a ullmhú ar a dtugtar an Cuntas Leithreasa. Tugann an Cuntas Leithreasa sonraí ar an táirgeacht don bhliain i gcoinne an mhéid a sholáthair Dáil Éireann. Is féidir teacht ar Chuntas Leithreasa 2020 anseo.
Is leagan mionsonraithe de Mheastacháin Lae an Bhuiséid iad Meastacháin Athbhreithnithe agus áirítear iontu faisnéis ar chaiteachas laistigh de chláir aonair chomh maith leis an leithdháileadh airgeadais foriomlán dár nOifig. Áirítear leis na Meastacháin Athbhreithnithe freisin príomh-mhéadrachtaí aschuir ardleibhéil, táscairí comhthéacs agus tionchair. Soláthraíonn siad seo eolas ar ár gcaiteachas agus ar an tionchar atá ag an gcaiteachas. Is féidir breathnú ar na Meastacháin Athbhreithnithe d’Oifig an Ombudsman anseo.
Tagraíonn soláthar poiblí don phróiseas trína gceannaíonn comhlachtaí poiblí oibreacha, earraí nó seirbhísí ó sholáthraithe atá roghnaithe acu chun na críche sin. Cuimsíonn sé earraí nó seirbhísí gnáthaimh a cheannach go conarthaí mórscála do thionscadail bhonneagair agus tá raon leathan agus éagsúil d’údaráis chonraitheoireachta i gceist leis.
Is féidir Polasaí Soláthair na hOifige a fháil anseo.
Seo a leanas naisc chuig treoirdhoiciméid do sholáthraithe:
Tá gealltanas sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go bhfoilseofar gach ordú ceannaigh ar €20k nó os a chionn ar líne. Foilsíonn an Oifig an fhaisnéis seo ar bhonn ráithiúil Féach ar ár nOrduithe Ceannaigh atá os cionn €20,000 (comhad Excel)
Is féidir liosta de gach iarratas neamhphearsanta um Shaoráil Faisnéise a fuair an Oifig ón 3 Eanáir 2022 a fheiceáil anseo:
Iarratais ASF ar an Oifig
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá aon duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar shlí eile. I gcoitinne, tá ceart ag duine:
Ní chlúdaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise gach taifead atá i seilbh na hOifige. Is comhlacht páirt-eisiata í an Oifig chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise) (mar a fhoráiltear i Sceideal 1, alt 6, Cuid 1 den Acht sin). Ciallaíonn sé sin nach gceanglaítear le dlí taifid atá i seilbh na hOifige agus a bhaineann le hachomhairc shonracha (seachas taifid a bhaineann le riarachán ginearálta fheidhmeanna na hOifige) a chur ar fáil don phobal.
Ba chóir iarratais ASF a bhaineann le taifid na hOifige a chur faoi bhráid:
Damien Cahill
ASF Liaison Officer
Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta,
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Guthán: 01 639 5650, Ríomhphost: info@opdc.ie
Ba chóir iarratais a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir a shonrú go bhfuil siad á ndéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir an fhoirm ina bhfuil na taifid á lorg — e.g. fótachóipeanna/diosca — a lua san iarratas. Chun gur féidir na taifid atá á lorg a shainaithint, ba cheart d’iarrthóirí cur síos chomh mionsonraithe agus is féidir ar na taifid. Más féidir, ba chóir uimhir theagmhála is féidir a úsáid le linn uaireanta oifige a chur ar fáil chun sonraí iarratais ASF a shoiléiriú. Cabhróidh foireann na hOifige le hiarratas ASF a chur le chéile, más gá.
Déanfaidh an Oifig iarratas a admháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh de choicís. Áireofar leis sin fógra a thabhairt, sa chás nach bhfuil an t-iarrthóir sásta leis an gcinneadh um Shaoráil Faisnéise a eisíodh, go bhfuil an ceart ann athbhreithniú inmheánach ar an mbreith a iarraidh. Eiseofar an cinneadh laistigh de cheithre seachtaine.
Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise do cheart chun athbhreithniú inmheánach a fháil ar chinntí comhlachtaí poiblí. Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh sa chás go bhfuil iarratas Saorála Faisnéise diúltaithe nó deonaithe go páirteach nó sa chás go bhfuil rochtain curtha siar. Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh freisin i gcás ina ndíospóidtear an cineál rochtana nó leibhéal na dtáillí a ghearrtar. Meastar gur tharla diúltú d’iarratas Saorála Faisnéise i gcás nár eisíodh breith laistigh de cheithre seachtaine tar éis an t-iarratas Saorála Faisnéise a fháil.
Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinntí na hOifige a dhéanamh, i scríbhinn, chuig:
Damien Cahill
ASF Liaison Officer
Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta,
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Guthán: 01 639 5650, Ríomhphost: info@opdc.ie
a chinnteoidh go ndéanfaidh oifigeach an t-athbhreithniú ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a rinne an cinneadh bunaidh ASF. Ba cheart iarraidh den sórt sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón gcinneadh bunaidh. Ní mór an cinneadh tar éis athbhreithniú inmheánach a eisiúint laistigh de thrí seachtaine tar éis é a fháil.
Tá sé i gceist leis an Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí nach bhfuil ar fáil go rialta ar bhealaí eile. Tá an fhaisnéis seo a leanas maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmeanna na hOifige ar fáil ar ár láithreán gréasáin gan an tAcht um Shaoráil Faisnéise a úsáid.
Cuireann an Coimisinéir tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais gach bliain maidir le gníomhaíochtaí na hOifige le linn na bliana roimhe sin. Tá tuarascálacha bliantúla ar fáil ó:
I.R. Uimh. 426/2014 — Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Éifeachtúlacht Fuinnimh), 2014
Faoi théarmaí na Rialachán seo, ní mór ídiú fuinnimh agus feidhmíocht na n-eagraíochtaí uile san earnáil phoiblí a thuairisciú go bliantúil. Cuireann Oifig an Ombudsman an rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ar fáil ina hoifigí in 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2. Sonraíonn an tuarascáil úsáid fuinnimh ar fud na hoifige ar fad..
Tuarascáil Bhliantúil 2020 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh
Nuashonraithe Samhain 2022