Ag brath ar chúrsaí agat ag an am, d’fhéadfadh gur cinneadh mór duitse é éagóir a thuairisciú. Más mian leat á plé ar dtús, cuireann Transparency International Ireland seirbhís agus tacaíocht shlán agus rúnda, chomh maith le rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce, ar fáil maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh.
Is féidir leat éagóir a thuairisciú do:
Déanann móramh na ndaoine teagmháil lena bhfostóir ar dtús maidir le tuairisc a dhéanamh ar éagóir. D’fhéadfadh beartas agus cainéal tuairiscithe ar leith a bheith ag d’fhostóir chun déileáil le tuairiscí ar éagóir, agus d'fhéadfá úsáid a bhaint astu.
Muna mian leat tuairisc a thabhairt do d’fhostóir, is féidir leat dul i dteagmháil le duine ceaptha. Is rialtóirí iad de ghnáth na daoine ceaptha sa réimsí atá faoi réir líomhaintí. Tá liosta iomlán na “ndaoine ceaptha” le feiceáil anseo.
Más rud é, tar éis duit na roghanna atá ar fáil duit a mheas, nach bhfuil tú cinnte cé leis ar cheart duit dul i dteagmháil, is féidir leat do thuairisc a chur chuig an oifig seo, an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta. Is féidir leat:
Má chinnimid nach bhfuil duine ceaptha oiriúnach ar fáil chun déileáil le do thuairisc, is féidiir linn a leithéid a dhéanamh féin mar an duine ceaptha mar fhaighteoir na rogha deiridh. Tá tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a láimhseáiltear na tuaraisci a nglacann an Coimisinéir leo mar fhaighteoir na rogha deiridh, le feiceáil sa chur síos faoinár ngnásanna.
Má tá tú fostaithe nó má bhí tú fostaithe ag comhlacht poiblí, b'fhéidir go mbeifeá in ann tuaraisc a chur faoi bhráid an Aire Rialtais a bhfuil freagracht air as an gcomhlacht poiblí. Má thugann tú tuairisc d’Aire, ní mór duit coinníollacha breise a shásamh chun a bheith i dteideal cosanta faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Nuair a fhaigheann Aire an tuaraisc ní mór dó, gan an tuaraisc tar éis breithnithe aige, á cur chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta a aithneoidh an duine ceaptha cuí nó duine oiriúnach eile.
Le linn comhairle dlí a fháil ó abhcóide, aturnae, oifigeach ceardchumainn nó oifigeach aon chomhlacht eiscthe de réir bhrí alt 6 den Acht Ceardchumann 1941.
Do dhaoine seachtracha eile nach bhfuil luaite thuas, m.sh d'iriseoir. Má thugann tú tuairisc do dhuine eile, ní mór duit coinníollacha breise a shásamh chun cáiliú do na cosaintí faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Molaimid go láidir duit comhairle a lorg chun a mheas an gcomhlíonann tú na coinníollacha sin sula ndéanann tú a leithéid tuairisce.
Is féidir leat an éagóir a thuairisciú i scríbhinn, go pearsanta, trí rPhost nó ar an nguthán. I ngach cás, cibé an gcinneann tú tuairisc a thabhairt do d’fhostóir, nó do dhuine ceaptha, nó don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta, ba cheart duit:
Tabhair faoi deara nach mbaineann tuairisc ar éagóir i gcónaí le nochtadh cosanta. Is féidir leat tuilleadh a léamh ar Cad is nochtadh cosanta ann? nó is féidir leat úsáid a bhaint as na hacmhainní thíos.
Tá tuilleadh eolais agus comhairle maidir le tuairisc a dhéanamh ar éagóir ar fáil thíos:
B'fhéidir gur mhaith leat a sheiceáil le d'fhostóir laistigh de den eagraíocht ar dtús. Tá beartas sceithireachta i bhfeidhm ag mórán fostóirí. Mar shampla, is féidir teacht ar bheartas an FSS anseo.
Is eagraíocht neamhspleách, neamhrialtasach í Transparency International Ireland (TII). Tá líne chabhrach rúnda i bhfeidhm ag Transparency International Ireland, agus ligeann sí rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an Ionad Comhairle Dlí de chuid TII. Is féidir leis an líne chabhrach atreoruithe saor in aisce a chur ar fáil ach á n-iarraidh maidir le comhairleoireacht ghairmiúil.
Cuireann suíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh tuilleadh eolais faoi Nochtadh Cosanta ar fáil ar a leathanach ‘Cosaint do’: www.citizensinformation.ie
Chuir an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre cód cleachtais le chéile a thugann treoir agus a leagann amach an deachleachtas chun cabhrú le fostóirí, oibrithe agus a gcuid ionadaithe an dlí a thuiscint i leith faisnéis a nochtadh maidir le héagóir san ionad oibre agus le conas déileáil le nochtadh a leithéid faisnéise: www.workplacerelations.ie
Seiceáil ár gcuid Ceisteanna Coitianta chun tuilleadh eolais a fháil