Tá an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 ceaptha chun faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi cé atá ag déanamh brústocaireachta maidir le cé hiad na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.lobbying.ie.

Ceanglaítear le hAlt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú. Is éard is cuspóir leis an liosta:

  • ligean don phobal na daoine sin atá ina n-oifigigh phoiblí ainmnithe a shainaithint;

  • le húsáid mar acmhainn do bhrústocairí a bhfuil tuairisceán á chomhdú acu chuig an gClár agus a bhféadfadh sé go mbeadh orthu sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a aimsiú.

Is í Oifig an Ombudsman a sholáthraíonn rúnaíocht d’Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta. Is í Elaine Cassidy, Ard-Stiúrthóir, an tOifigeach Poiblí Ainmnithe in Oifig an Ombudsman.

Lobbying.ie