Nochtaithe Cosanta

Cad is Nochtadh Cosanta ann?

Séard is nochtadh cosanta ann ná nochtadh na faisnéise ábhartha arna déanamh ag oibrí, ar tháinig sé ar an eolas faoi i gcomhthéacs a chuid oibre agus a chreideann sé le réasún go léiríonn a leithéid eolais éagóir ábhartha. Uaireanta tugtar ‘séideadh', 'sceithre' nó ‘ag déanamh tuairisce ar éagóir san ionad oibre’ ar ‘nochtadh cosanta’ a dhéanamh.

Cé atá in ann nochtadh cosanta a dhéanamh?

Baineann an tAcht um Nochtadh Cosanta le gach oibrí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Tá míniú leathan ar an bhfocal “oibrí” agus baineann sé le héinne atá nó a bhí ina:

  • Fhostaí
  • Oibrí gníomhaireachta
  • Chonraitheoir
  • Oiliúnaí
  • Oibrí Deonacha
  • Bhall Boird
  • Scairshealbhóir
  • Iarrathóir poist

Cé leis ar féidir liom tuairisc ar éagóir a dhéanamh?

Is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh do d’fhostóir, do dhuine ceaptha, d’Aire Rialtais, don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta, do chomhairleoirí áirithe agus do dhaoine eile. Bíonn coinníollacha éagsúla i gceist ag brath ar cé chuige a ndéanann tú an tuairisc agus ba cheart duit a sheiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha lena bhaineann san Acht um Nochtadh Cosanta sula ndéanann tú do thuairisc.

Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag Conas is féidir liom tuairisc a dhéanamh ar éagóir?

Má dhéanaim nochtadh cosanta, an ndéanfar m'aitheantas a chosaint?

Má dhéanann tú nochtadh cosanta, tá dualgas ar ar an té a fhaigheann é d’aitheantas a chosaint ó nochtadh muna measann sé go réasúnta go bhféadfadh go mbeadh gá lena nochtadh d'fhonn do thuairisc a fháil, a tharchur nó a leanúint. Tá roinnt eisceachtaí ann maidir leis an gcosaint seo. Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh cúinsí ann ina gcaithfear á nochtadh de réir dlí.

An bhfuilim i mbaol caingean dlí orm as nochtadh cosanta a dhéanamh?

De ghnáth, ní féidir caingean dlí a chur ar éinne as nochtadh cosanta a dhéanamh. Ach ní bhaineann a leithéid, áfach, le gníomhartha clúmhillte. Má dhéanann tú nochtadh cosanta agus má chuirtear gníomh clúmhillte ort, beidh tú in ann úsáid a bhaint as an gcosaint ar “phribhléid cháilithe”.

Chomh maith leis sin, más rud é, agus nochtadh cosanta á dhéanamh agat, go nochtann tú faisnéis atá faoi toirmeasc nó faoi shriain agus go ndéantar ionchúiseamh ort ina leith, beidh tú in ann glaoch ar an gcosaint gur chreid tú go réasúnach go raibh nochtadh cosanta á dhéanamh agat nuair a rinne tú a leithéid faisnéise a nochtadh.

Ba cheart duit comhairle agus treoir a lorg lena n-áirítear comhairle dlí sula ndéantar nochtadh cosanta.

Cad is féidir liom a dhéanamh má chaitear go dona liom ag m’fhostóir mar thoradh ar nochtadh cosanta a dhéanamh agam?

Forálann an tAcht um Nochtadh Cosanta gur cion coiriúil é pionós a ghearradh nó a leithéid a bhagairt ar éinne nó as nochtadh cosanta a dhéanamh. Téarma eile do dhrochíde is ea pionós.

Má chreideann tú gur ghearr d’fhostóir pionós, ort ba cheart duit comhairle nó treoir a fháil i leith na roghanna atá ar fáil duit.

Tá roghanna dlí ar fáil duit chun aghaidh a thabhairt ar an gceist seo. Mar shampla, b’fhéidir go mbeifeá in ann gearán faoi phionósú a chur isteach leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus/nó b’fhéidir go mbeifeá in ann faoiseamh a lorg ón gCúirt Chuarda. Baineann tréimhsí teorainneacha ama lena leithéid cineálacha faoisimh agus ba chóir duit mar sin comhairle a lorg faoi do chuid roghanna chomh luath agus is féidir leat.

Cén difríocht atá ann idir Nochtadh Cosanta agus gearán nó clamhsán?

Is féidir le gearán a bheith ina chlamhsán ag fostaí dá fhostóir. Uaireanta is nochtadh cosanta é gearán ach ní i gcónaí a bhíonn an scéal. Ní dócha gur nochtadh cosanta é gearán a bhaineann ach amháin le cúrsaí pearsanta an fhostaí.

Ba chóir duit comhairle a fháil ar na cúrsaí agat chun cabhrú leat a mheas an gan an clamhsán pearsanta amháin atá i do thuairisc.

Cá bhfaighidh mé treoir ar mo roghanna má aimsím éagóir ag an obair?

Tá líne chabhrach rúnda i bhfeidhm ag Transparency International Ireland (TII) a cuireann rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce ar fáil maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an Ionad Comhairle Dlí Trédhearcachta aige. Is féidir leis an Líne Chabhrach atreorú saor in aisce a chur ar fáil maidir le comhairleoireacht ghairmiúil ach iad a iarraidh

Tá TII agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann tar éis tús a chur le comhthionscadal dar teideal ‘Speak Up Safely – Support for Vulnerable Workers’ (Labhair Amach gan Eagla – Tacaíocht d'Oibrithe ar Lagchuidiú). Tá sé mar aidhm acu a chinntiú gur féidir le hoibrithe ar lagchuidiú, lena n-áirítear iarrthóirí tearmainn agus oibrithe imirceacha, labhairt amach i leith dálaí neamhshábháilte ne hoibre agus iad in ann leas a bhaint as treoir maidir lena gcuid cearta agus maidir le rochtain ar chomhairle dlí a saor in aisce’.

Cad is féidir liom a dhéanamh má chreidim nach ndearnadh imscrúdú ceart ar m'ábhar imní?

Má tá tú tar éis tuairisc a thabhairt do d’fhostóir agus muna gcreideann tú go bhfuil an tuairisc á láimhseáil mar is cuí, b’fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar do thuairisc a thabhairt do dhuine ceaptha.

Mura bhfuil tú cinnte cé hé an duine ceaptha a dhéanfaidh do thuairisc a scrúdú, b’fhéidir go mbeidh tú in ann tuairisc a thabhairt don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta a aithneoidh an duine is oiriúnaí le haghaidh do thuairisc a scrúdú. Má tá tú fostaí comhlachta poiblí tú, b’fhéidir go mbeifeá in ann do thuairisc a thabhairt don Aire lena bhaineann agus seoladh seisean an an tuaraisc chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta a  aithneoidh an duine is oiriúnaí chun déileáil le do thuaraisc.

Má cheapann tú nach bhfuil do thuairisc á láimhseáil go cuí ag an duine ceaptha, d'fhéadfa do chuid imní a chur in iúl i scríbhinn leis an duine sin.

Má tá imní fós ort nó má cheapann tú nach bhfuil tú in ann do chuid imní a chur in iúl, d'fhéadfá smaoineamh ar thuairisc a thabhairt do dhuine eile seachas iad siúd atá luaite san Acht um Nochtadh Cosanta. Tá cúinsí ann faoin Acht inar féidir leat tuairisc a thabhairt do dhuine eile, m.sh. iriseoir. Baineann coinníollacha ar leith lena leithéid tuairisce a dhéanamh agus ba chóir don duine tuairisce comhairle agus treoir a lorg maidir lena chuid roghanna sula ndéanann sé amhail.

B’fhéidir gur mhaith leat dul i gcomhairle le comhairleoir dlí freisin chun comhairle a fháil ar aon roghanna eile dlí atá ar fáil duit.

 

Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta

Cad a bhíonn á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta?

Sé ról Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta ná tuairscí a fháil ó oibrithe, ó Airí agus ó dhaoine ceaptha (i gcásanna áirithe) agus á seoladh chuig an duine ceaptha is cuí nó chuig duine oiriúnach eile. Sa chás nach féidir duine ceaptha cuí ná duine oiriúnach eile a aithint, glacfaidh Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta féin an tuairisc.

Conas is féidir liom tuairisc a dhéanamh ar éagóir?

Más rud é, tar éis duit na roghanna atá ar fáil duit a meas, nach bhfuil a fhios agat cé leis ar cheart duit teagmháil a dhéanamh maidir le do thuairisc nó muna bhfuil tú cinnte cé leis ar cheart duit teagmháil a dhéanamh faoi do thuairisc, is féidir leat scríobh chugainn, glaoch orainn nó ríomhphost a chur chugainn, teagmháil a dhéanamh linn. Seolfaimid do thuairisc ar aghaidh chuig an duine ceaptha cuí nó chuig duine oiriúnach eile.

Cad ba cheart a tharlú i ndiaidh dom mo thuairisc a chur chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta?

Eiseoimid admháil scríofa chugat laistigh de 7 lá. Muna dteastaíonn admháil uait, is féidir leat iarraidh orainn gan á seoladh chugat.

Laistigh de 14 lá, cuirfimid do thuairisc ar aghaidh chuig an duine le haghaidh do thuairisc a láimhseáil i dtuairim an Choimisinéara. D'fhéadfadh gur duine ceaptha é an duine sin nó, muna bhfuil duine ceaptha cuí ar fáil, chuig duine oiriúnach eile. I gcásanna áirithe ar leith, d'fhéadfadh gurbé d’fhostóir an duine eile sin, agus más ábhar imní duit é, cuir a leithéid in iúl dúinn. Sé an príomhról againne ná a chinntiú go bhfaighfidh an duine cuí do thuairisc chun á láimhseáil. Ní dhéanfaimid a mheas cibé  a mbaineann nó nach mbaineann na cosaintí faoin Acht um Nochtadh Cosanta le do thuairisc.

Má tá aon cheist agat faoi cad a tharlóidh i nidiaidh an tuairisc a sheoladh chuig an gCoimisinéir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig agus cuirfidh ball foirne tú ar an eloas maidir lenár gcuid próiseas.

An ndéanfar m'aitheantas a chur in iúl do thríu pháirtí?

Nuair a sheolaimid do thuairisc chuig an duine atá aitheanta againn chun do thuairisc a láimhseáil, sé an thuairisc iomlán, lena n-áirítear d'ainm agus sonraí teagmhála, atá i gceist. Seolfaimid do thuairisc ar éagóir chuig an eagraíocht is oiriúnaí agus cuirfimid d’ainm agus do shonraí teagmhála san áireamh. Ní dhéanfaimid á sheiceáil an bhfuil do thuairisc i dteideal cosanta sula seolfaimid í. Rachaimid i dteagmháil leat sula seolfaimid do thuairisc ar aghaidh.

Tá dualgas ar gach duine ceaptha agus ar gach duine oiriúnacha eile a fhaigheann tuairisc ón gCoimisinéir aitheantas an tuairisceora a chosaint ó nochtadh faoi alt 16 den Acht um Nochtadh Cosanta.

‘Daoine Ceaptha’ and ‘daoine cuí eile’

Cad is duine ceaptha ann?

Faoi réir an Achta um Nochtadh Cosanta, ainmnítear daoine áirithe mar dhaoine ar féidir leo tuairiscí faoi éagóir a láimhseáil a mbaineann le hábhair ar leith. De ghnáth, tá feidhmeanna rialála ag na ‘daoine ceaptha’ seo sa réimse atá mar ábhar na líomhaintí, m.sh. an Banc Ceannais, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus an Coimisiún um Chosaint Sonraí. Tá liosta iomlán de réir earnála na ndaoine ceaptha le fáil ar prescribed persons by sector on gov.ie. Cabhróidh an liosta seo leat teacht ar an duine nó ar an gcomhlacht ceart chun do thuairisc a thabhairt dó.

An 'duine ceaptha' é m'eagraíocht féin?

Muna bhfuil tú cinnte an duine forordaithe í d’eagraíocht, féach ar I.R. Uimh. 367/2020 - an t-Acht um Nochtadh Cosanta 2014 (Nochtadh do Dhaoine Ceaptha). Tá dualgas ar dhuine ceaptha bealaí agus gnásanna tuairiscithe ar leith a bhunú d'fhonn tuairtscí a ghlacadh faoin Acht um Nochtadh Cosanta.

Cathain a gheobhaidh duine ceaptha tuairisc ón gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta?

Gheobhaidh duine ceaptha tuairisc ón gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta má aithníonn an Coimisinéir an duine sin mar an duine ceaptha cuí le haghaidh na tuairisce sin.

Cad is ‘duine oiriúnach eile’ ann?

Níl aon liosta ar leith de ‘dhaoine oiriúnacha eile’ ar fáil. Aithníonn an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta ‘duine oiriúnacha eile’ de réir an Achta um Nochtadh Cosanta.

Cathain a gheobhaidh duine oiriúnach eile tuairisc ón gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta?

Is féidir leis an gCoimisiún um Nochtadh Cosanta tuairisc a chur chuig duine oiriúnach eile sa chás nach féidir aon duine ceaptha cuí a aithint nó sa chás ina measann an Coimisinéir go bhfuil baol pionós tromchúiseach ann má sheoltar an tuairisc chuig an duine ceaptha cuí nó go ndéanfaí fianaise ar an éagóir i gceist a cheilt nó a scriosadh.

Cad a tharlóidh muna n-aontaíonn ‘ceaptha’, nó ‘duine oiriúnach eile’, le cinneadh an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta tuairisc a chur ar aghaidh chuige?

Is féidir le 'duine ceaptha' nó le 'duine oiriúnach eile' a chur in iúl don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta nach measann sé go bhfuil an tuairisc laistigh dá chúram (reachtúil nó a mhalairt). Déanfaidh an Coimisinéir an fógra a mheas agus eiseoidh sé á chinneadh laistigh de 14 lá ón bhfógra. Níl aon dul thar chinneadh an Choimisinéara.

I ndiaidh an tuairisc a sheoladh chuig an duine ceaptha nó chuig duine oiriúnach eile, an bhfuil aon ról fágtha ag an gCoimisinéir Cosanta?

Níl. Chomh luath agus a sheoltar an tuairisc, críochnaíonn ról an Choimisinéara agus níl faic le déanamh aige a thuilleadh.

An féidir le héinne tuairisc a fuarthas ón gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta a sheoladh ar ais chuig an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta?

Ní féidir, ní féidir tuairiscí ón gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta a sheoladh ar ais chuig an An Coimisinéir um Nochtadh Cosanta. Is féidir le duine fógra a thabhairt don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta, áfach, nach measann sé go bhfuil an tuairisc a fuarthas laistigh dá chúram. Féach ar an gceist thuas.

I ndiaidh na tuairisce a fháil, cad í an chéad chéim eile?

Ní mór d'éinine a fhaigheann tuairisc ón gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta admháil i leith a leithéid don duine tuairiscithe tráth laistigh 7 lá tar éis á fháil aige. Sé Lá 1 an an lá a fhaightear an tuairisc.

Sé an Duine Tuairiscithe ná an duine a rinne an tuairisc. Ní gá an tuairisc a admháil má iarrann an duine lena mbaineann ar leith ar an duine a fhaigheann an tuairisc gan a leithéid a admháil, nó má chreideann sé le réasún go gcuirfeadh an admháil cosaint aitheantas an tuairisceora i mbaol.

An gcuirfear in iúl don duine tuairiscithe cár seoladh a thuairisc?

Cuirfear in iúl don duine tuairiscithe na bearta a rinne an Coimisinéir chomh luath agus is indéanta.

I ndiaidh na tuairisce a admháil, cad a tharlaíonn ansin?

Tar éis dó a admháil go bhfuair sé an tuairisc, caithfidh an duine ceaptha nó an duine oiriúnach eile réamh-measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil lena n-áirítear tuilleadh eolais a lorg ón duine tuairiscithe, más gá, maidir le fianaise prima facie a bheith ann a léiríonn seans maith gur tharla éagóir.

An gcaithfidh an duine ceaptha nó duine oiriúnach eile aiseolas a thabhairt don duine tuairiscithe?

Caithfidh, ní mór don duine atá ag fáil na tuairisce aiseolas ina leith a chur ar fáil don duine tuairiscithe laistigh de thréimhse réasúnach nár cheart a bheith níos faide ná 3 mhí ón dáta a fuarthas an admháil ar dtús agus gach trí mhí ina dhiaidh sin ar iarratas i scríbhinn.

Bíonn cásanna ann inar féidir an tréimhse trí mhí a shíneadh go sé mhí.

An bhfuil aon dualgais eile ar an duine oiriúnach eile?

Ní mór do dhuine oiriúnach eile ball foirne amháin ar a laghad a ainmniú (an duine ainmnithe) a bheith freagrach as an tuairisc a fhaightear a láimhseáil; go háirithe as an obair leantach, as leanúint i dteagmháil leis an duine tuairiscithe chun críche soláthar an aiseolais agus, nuair is gá, as tuilleadh faisnéise a iarraidh ón duine tuairiscithe sin.

An bhfuil dualgas ar an duine ceaptha nó ar dhuine oiriúnach eile maidir le aitheantas gach páirti atá i gceist a chosaint?

Faoi réir alta 16 agus alta 16 A den Acht um Nochtadh Cosanta, tá dualgas ar an duine ceaptha agus ar dhuine oiriúnach eile aitheantas an duine tuairiscithe agus an duine lena mbaineann a chosaint. Sé an “duine lena mbaineann” an duine is ábhar don tuairisc.