Seachas an suíomh gréasáin seo, tá roinnt acmhainní eile a gcuireann eolas faoi nochtadh cosanta ar fáil:
Is eagraíocht neamhspleách, neamhrialtasach í: www.transparency.ie
Tá líne chabhrach rúnda i bhfeidhm ag Transparency International Ireland, agus ligeann sí rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an Ionad Comhairle Dlí de chuid TII. Is féidir leis an líne chabhrach atreoruithe saor in aisce a chur ar fáil ach á n-iarraidh maidir le comhairleoireacht ghairmiúil.
Tá TII agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann tar éis tús a chur le comhthionscadal dar teideal ‘Speak Up Safely – Support for Vulnerable Workers’ (Labhair Amach gan Eagla – Tacaíocht d'Oibrithe ar Lagchuidiú). Tá sé mar aidhm acu a chinntiú gur féidir le hoibrithe ar lagchuidiú, lena n-áirítear iarrthóirí tearmainn agus oibrithe imirceacha, labhairt amach i leith dálaí neamhshábháilte ne hoibre agus iad in ann leas a bhaint as treoir maidir lena gcuid cearta agus maidir le rochtain ar chomhairle dlí a saor in aisce’.
Ní féidir le TII comhairle dlí a chur ar fáil d’fhostóirí agus/nó d’fhaighteoirí nochtadh cosanta.
Cuireann an suíomh Gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh tuilleadh faisnéis faoi Nochtadh Cosanta ar fáil ar a leathanach ‘Protection for whistleblowers’ (Cosaint do Sceithirí): www.citizensinformation.ie
Tá Cód Cleachtais curtha le chéile ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a thugann treoir agus a leagann amach an dea-chleachtais chun cabhrú le fostóirí, oibrithe agus a gcuid ionadaithe an dlí maidir le nochtadh faisnéise maidir le héagóir san ionad oibre a thuiscint agus conas déileáil lena leithéid nochtadh faisnéise: www.workplacerelations.ie
Má chinneann tú tuairisc a dhéanamh do ‘dhuine forordaithe’ seachas do d’fhostóir, ba chóir duit a bheith cúramach an duine nó an eagraíocht cheart a roghnú le haghaidh do shaincheist. Mar shampla, má tá sárú á dhéanamh agat ar an dlí um chosaint sonraí, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Tá liosta na ‘ndaoine ceaptha’ ar féidir leat éagóir a thuairisciú dóibh agus cur síos ar na hábhair is féidir leat tuairisc a thabhairt dóibh ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Sé an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 an reachtaíocht a rialaíonn nochtadh cosanta. Leasaíodh é sa bhliain 2022 chun, i measc rudaí eile, bunú Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosantaan a chur san áireamh.
Seacáil ár gcuir Ceisteanna Coitianta chun tuilleadh eolais a fháil.