Cé leis ar féidir liom tuairisc a dhéanamh?

Is féidir leat tuairisc a dhéanamh ar éagóir do:

D’fhostóir

Déanann móramh na ndaoine teagmháil lena bhfostóir ar dtús maidir le tuairisc a dhéanamh ar éagóir. D’fhéadfadh beartas agus cainéal tuairiscithe ar leith a bheith ag d’fhostóir chun déileáil le tuairiscí ar éagóir, agus d'fhéadfá úsáid a bhaint astu.

A duine ceaptha'

Muna mian leat tuairisc a thabhairt do d’fhostóir, is féidir leat dul i dteagmháil le duine ceaptha. Is rialtóirí iad de ghnáth na daoine ceaptha sa réimsí atá faoi réir líomhaintí. Tá liosta iomlán na “ndaoine ceaptha” le feiceáil anseo.

Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta

Más rud é, tar éis duit na roghanna atá ar fáil duit a mheas, nach bhfuil tú cinnte cé leis ar cheart duit dul i dteagmháil, is féidir leat do thuairisc a chur chuig an oifig seo, an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta.

Daoine seachtracha eile, faoi réir coinníollacha

Má tá tú fostaithe nó má bhí tú fostaithe ag comhlacht poiblí, b'fhéidir go mbeifeá in ann tuaraisc a chur faoi bhráid an Aire Rialtais a bhfuil freagracht air as an gcomhlacht poiblí. Má thugann tú tuairisc d’Aire, ní mór duit coinníollacha breise a shásamh chun a bheith i dteideal cosanta faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Nuair a fhaigheann Aire an tuaraisc ní mór dó, gan an tuaraisc tar éis breithnithe aige, á cur chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta a aithneoidh an duine ceaptha cuí nó duine oiriúnach eile.

Le linn comhairle dlí a fháil ó abhcóide, aturnae, oifigeach ceardchumainn nó oifigeach aon chomhlacht eiscthe de réir bhrí alt 6 den Acht Ceardchumann 1941.

Do dhaoine seachtracha eile nach bhfuil luaite thuas, m.sh d'iriseoir. Má thugann tú tuairisc do dhuine eile, ní mór duit coinníollacha breise a shásamh chun cáiliú do na cosaintí faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Molaimid go láidir duit comhairle a lorg chun a mheas an gcomhlíonann tú na coinníollacha sin sula ndéanann tú a leithéid tuairisce.

Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag Conas is féidir liom tuairisc a dhéanamh ar éagóir

Dul i dTeagmhail leis an gCoimisinéir

Más rud é, tar éis duit na roghanna atá ar fáil duit a mheas, nach bhfuil tú cinnte cé leis ar cheart duit dul i dteagmháil, is féidir leat do thuairisc a chur chuig an oifig seo, an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta. Má tá amhras ort, nó muna bhfuil a fhios agat cé leis a ndéanfaidh tú do thuairisc ar éagóir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn.

Sé an príomhról atá againn ná a chinntiú go dtagann do thuairisc go sábháilte chuig an ‘duine ceaptha’ ceart. Muna bhfuil a leithéid soiléir, cinnfimid cé hé an eagraíocht ceaptha is oiriúnaí nó an duine oiriúnach eile. D’fhéadfadh gurbh é seo d’fhostóir i gcúinsí an-teoranta ar leith.

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh do dhuine ceaptha, ní mór duit  freisin a ghlacadh go réasúnach go bhfuil an duine ceaptha freagrach as do thuairisc agus as an bhfaisnéis a nochtann tú agus go bhfuil gach líomhain a dhéanann tú fíor go substaintiúil. Seiceálfaimid an bhfuil duine ceaptha oiriúnach ar fáil chun déileáil le do thuairisc agus, sa chás go bhfuil, seolfaimid do thuairisc chuige. Ní dhéanfaimid imscrúdú ar an méid atá le rá agat i do thuairisc nó ní dhéanfaimid a sheiceál cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé i dteideal cosanta sula seolfaimid chuig duine eile é.

Cad a tharlaíonn nuair a fhaighimid do thuairisc?​

  • Eiseoimid admháil scríofa laistigh de 7 lá
  • De ghnáth, cuirfimid ar aghaidh chuig eagraíocht oiriúnach é, ach amháin i gcásanna an-teoranta ar leith, laistigh de 14 lá
  • Inseoimid duit cé chuige a bhfuilimid ag cur do thuairisce
  • Seolfaimid do thuairisc ina hiomlán
  • Ní dhéanfaimid do thuairisc a athrú ar bhealach ar bith
  • Cuirfimid d'ainm agus do shonraí le do thuairisc
  • Ní dhéanfaimid a sheiceáil an bhfuil do thuairisc i dteideal cosanta sula gcuirfimid ar aghaidh í
  • Tá ár ról curtha i gcrích againn i ndiaidh dúinn do thuairisc ar éagóir a chur ar aghaidh chuig an eagraíocht is oiriúnaí. Ní bheidh baint ar bith eile againn le do thuarascáil tar éis dúinn á cur ar aghaidh chuig an eagraíocht chuí. Déanfaidh an eagraíocht sin na bearta is gá chun déileáil le do nochtadh. Tá dualgas dlíthiúil ar an eagraíocht sin do thuarascáil a fhiosrú.
  • Séard a bheidh i gceist leis na céimeanna seo ná réamh-mheasúnú a dhéanamh ar an tuairisc agus b'fhéidir tuilleadh faisnéise a lorg uait.
  • Déanfaidh an eagraíocht sin uasdátú a thabhairt duit laistigh de 3 mhí agus ar iarratas, scríofa uait, gach 3 mhí ina dhiaidh sin.

Má chinnimid nach bhfuil duine ceaptha oiriúnach ar fáil chun déileáil le do thuairisc, is féidiir linn a leithéid a dhéanamh féin mar an duine ceaptha mar fhaighteoir na rogha deiridh. Tá tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a láimhseáiltear na tuaraisci a nglacann an Coimisinéir leo mar fhaighteoir na rogha deiridh, le feiceáil sa chur síos faoinár ngnásanna anseo.

Má tá aon amhras ort faoi cad atá i gceist le nochtadh cosanta a dhéanamh nó le héagóir a thuairisciú, b’fhéidir gur mhaith leat comhairle a lorg ó Transparency International Ireland