Uaireanta tugtar ‘sceithireacht’ nó ‘ag déanamh tuairisce ar éagóir san ionad oibre’ ar ‘nochtadh cosanta’ a dhéanamh.  Is nochtadh é nochtadh cosanta ag oibrí ar fhaisnéis ar tháinig siad ar an eolas faoi maidir lena gcuid oibre.

Cuireann an tAcht um Nochtadh Cosanta cosaintí áirithe ar fáil dóibh siúd a dhéanann nochtadh cosanta. 

Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh más “oibrí” thú agus má nochtann tú faisnéis ábhartha ar bhealach ar leith. Is ábhartha í an fhaisnéis má tháinig sé i d’aird i mbun do chuid oibre agus creideann tú le réasún go léiríonn sé gur “éagóir ábhartha” atá inti.

Cad is féidir liom a thuairisciú / ceard é “éagóir ábhartha” ann?

D’fheadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist le héagóir ábhartha:

  • Cionta coiriúla
  • Neamh-chomhlíontacht dualgas dhlíthiúil (seachas do chonradh fostaíochta)
  • Iomrall ceartais
  • An tsláinte agus an tsábháilteacht a chur i mbaol
  • Dochar don timpeallacht
  • Úsáid mhídhleathach nó mhíchuí na gcistí poiblí
  • Iompar leatromach, leithchealach nó faillíoch nó aon iompar arb ionann agus mór-mhíbhainistíocht comhlacht poiblí é
  • Sáruithe ar dhlí an AE
  • Fianaise i leith éagóra a cheilt nó a scriosadh

De ghnáth, ní bhaineann aon cheann díobh seo a leanas le héagóirí ábhartha:

  • Gearáin a mbaineann ach amháin le cúrsaí pearsanta in ionad na hoibre
  • Aighnis le d'fhostóirí i leith do chuid chonarthaí
  • Nuair is cuid do chuid oibre an éagóir a nochtadh, m.sh. Garda Síochana atá coir a imscrúdú aige nó oifigeach comhshaoil ag déanamh cigireacht ar dhoirteadh ola
  • Nuair a nochtar an fhaisnéis i gcúinsí faoi phribhléid dhlíthiúil.


Ní iomlán iad ceachtar de na liostaí thuas. Má tá aon amhras ort faoi cad atá i gceist le nochtadh cosanta a dhéanamh nó le héagóir a thuairisciú, b’fhéidir gur mhaith leat treoir a lorg ó Transparency International Ireland a chuireann faisnéis rúnda, tacaíocht agus rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce ar fáil maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh.

Cé atá faoi chosaint? / An “oibrí” mé?

Sa chás seo, tá brí leathan leis an bhfocal “oibrí” agus cuimsíonn sé:

  • Fostaithe
  • Oibrithe gníomhaireachta
  • Conraitheoirí
  • Oiliúnaithe
  • Oibrithe Deonacha
  • Comhaltaí an Bhoird
  • Scairshealbhóirí
  • Iarrthóirí poist

Cé leis ar féidir liom tuairisc a dhéanamh?

Is féidir leat éagóir a thuairisciú do:

D’fhostóir

Déanann móramh na ndaoine teagmháil lena bhfostóir ar dtús maidir le tuairisc a dhéanamh ar éagóir. D’fhéadfadh beartas agus cainéal tuairiscithe ar leith a bheith ag d’fhostóir chun déileáil le tuairiscí ar éagóir, agus d'fhéadfá úsáid a bhaint astu.

A 'duine ceaptha'

Muna mian leat tuairisc a thabhairt do d’fhostóir, is féidir leat dul i dteagmháil le duine ceaptha. Is rialtóirí iad de ghnáth na daoine ceaptha sa réimsí atá faoi réir líomhaintí. Tá liosta iomlán na “ndaoine ceaptha” le feiceáil anseo. Chun nochtadh cosanta a dhéanamh do dhuine ceaptha, ní mór duit  freisin a ghlacadh go réasúnach go bhfuil an duine ceaptha freagrach as do thuairisc agus as an bhfaisnéis a nochtann tú agus go bhfuil gach líomhain a dhéanann tú fíor go substaintiúil. 

Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta

Más rud é, tar éis duit na roghanna atá ar fáil duit a mheas, nach bhfuil tú cinnte cé leis ar cheart duit dul i dteagmháil, is féidir leat do thuairisc a chur chuig an oifig seo, an Coimisinéir um Nochtadh Cosanta.

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh don Choimisinéir, ní mór duit  freisin a ghlacadh go réasúnach go bhfuil an duine ceaptha freagrach as do thuairisc agus as an bhfaisnéis a nochtann tú agus go bhfuil gach líomhain a dhéanann tú fíor go substaintiúil. Déanfaimid a sheiceáil an bhfuil duine ceaptha oiriúnach le déileáil le do thuairisc ar fáil agus, má tá, seolfaimid do thuairisc chuige. Ní dhéanfaimid aon imscrúdú ar an méid atá le rá agat i do thuairisc ná ní dhéanfaimid a sheiceáil an bhfuil nó nach bhfuil a leithéid i dteideal cosaint sula gcuirimid chuig an duine eile é.  

Is féidir leat ár bhfoirm in-íoslódáilte chun cabhrú leat, nó rPhost a sheoladh chugainn ag info@opdc.ie, nó glaoch orainn ag 01 639 5650.

Má chinnimid nach bhfuil duine ceaptha oiriúnach ar fáil chun déileáil le do thuairisc, is féidiir linn a leithéid a dhéanamh féin mar an duine ceaptha mar fhaighteoir na rogha deiridh. Tá tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a láimhseáiltear na tuaraisci a nglacann an Coimisinéir leo mar fhaighteoir na rogha deiridh, le feiceáil sa chur síos faoinár ngnásanna.

Daoine seachtracha eile, faoi réir coinníollacha

Más fostaí thú nó má bhí tú fostaithe ag comhlacht poiblí, b'fhéidir go mbeifeá in ann tuaraisc a chur faoi bhráid an Aire Rialtais a bhfuil freagracht air as an gcomhlacht poiblí. Má thugann tú tuairisc d’Aire, ní mór duit coinníollacha breise a shásamh chun a bheith i dteideal cosanta faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Nuair a fhaigheann Aire an tuaraisc ní mór dó, gan an tuaraisc tar éis breithnithe aige, á cur chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta a aithneoidh an duine ceaptha cuí nó duine oiriúnach eile.

Le linn comhairle dlí a fháil ó abhcóide, aturnae, oifigeach ceardchumainn nó oifigeach aon chomhlacht eiscthe de réir bhrí alt 6 den Acht Ceardchumann 1941.

Do dhaoine seachtracha eile nach bhfuil luaite thuas, m.sh d'iriseoir. Má thugann tú tuairisc do dhuine eile, ní mór duit coinníollacha breise a shásamh chun cáiliú do na cosaintí faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Molaimid go láidir duit comhairle a lorg chun a mheas an gcomhlíonann tú na coinníollacha sin sula ndéanann tú a leithéid tuairisce.

 

Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag Conas is féidir liom tuairisc a dhéanamh ar éagóir