Ag brath ar chúrsaí agat ag an am, d’fhéadfadh gur cinneadh mór duitse é éagóir a thuairisciú. Seo thíos roinnt acmhainní atá ar fáil chun cabhrú leat tuairisc a thabhairt go sábháilte ar éagóir:

Cookie settings

In order to allow the use of multimedia content on this website you must accept the use of miscellaneous cookies.

Beartas d'Fhostóra

Déanann móramh na ndaoine teagmháil lena bhfostóir ar dtús maidir le tuairisc a dhéanamh ar éagóir. D’fhéadfadh beartas agus cainéal tuairiscithe ar leith a bheith ag d’fhostóir chun déileáil le tuairiscí ar éagóir, agus d'fhéadfá úsáid a bhaint astu.

Transparency International Ireland

Is eagraíocht neamhspleách, neamhrialtasach í Transparency International Ireland (TII). Tá líne chabhrach rúnda i bhfeidhm ag Transparency International Ireland, agus ligeann sí rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an Ionad Comhairle Dlí de chuid TII. Is féidir leis an líne chabhrach atreoruithe saor in aisce a chur ar fáil  ach á n-iarraidh maidir le comhairleoireacht ghairmiúil.

Ceardchumainn

Sí Comhdháil na gCeardchumann (CCCÉ) an scátheagraíocht aonair don mhóramh na gceardchumann agus is féidir leo comhairle a chur ort nó treorú a thabhairt duit maidir le cabhair a fháil ó cheardchumann áitiúil: Comhdháil na gCeardchumann

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Chuir an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre cód cleachtais le chéile a thugann treoir agus a leagann amach an deachleachtas chun cabhrú le fostóirí, oibrithe agus a gcuid ionadaithe an dlí a thuiscint i leith faisnéis a nochtadh maidir le héagóir san ionad oibre agus le conas déileáil le nochtadh a leithéid faisnéise: www.workplacerelations.ie

Is féidir gearáin faoi phionósú ar bith mar thoradh ar thuairisc ar éagóir a dhéanamh in ionad na hoibre a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Faisnéis do Shaoránaigh

Cuireann suíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh tuilleadh eolais faoi Nochtadh Cosanta ar fáil ar a leathanach ‘Cosaint do’: www.citizensinformation.ie

D'Aturnae

B’fhéidir gur mhian leat dul i dteagmháil le d’aturnae sula ndéanann tú tuairisc faoi éagóir.

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 

 

Seiceáil ár gcuid Ceisteanna Coitianta chun tuilleadh eolais a fháil